Nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta (CAC) in 1998 shíl mórán ar fud na hÉireann go dtiocfadh athruithe dearfacha ina saol dá bharr. Tugadh ‘frithshíochánaithe’ nó Néandartálaigh srl. orthu siúd nár aontaigh leis nó a bhí go gníomhach ina éadan.

Mhaígh go leor de Phoblachtaigh Éireannacha go gcuirfeadh CAC aisling na Poblachta Sóisialaí ar cúl. Ba le leas rialtas na Breataine agus Rialtas na 26 contae go gcuirfí i bhfeidhm é agus nuair a iarradh reifreann vótáil formhór na ndaoine ar a shon.

Ón uair sin is iomaí athrú atá tagtha ar an tsochaí, drochathruithe an mhórchuid acu. Tá an bhochtaineacht forleathan, tá méadú ar an tseicteachas agus ar an chiníochas, agus an rud is tábhachtaí níl socrú ar cheist an bhunreachta.

Tá Aontachtaithe, lena dtacaíonn rialtas i ndiaidh rialtais sa Bhreatain , i gcónaí ag dul siar ar na gealltanais, a bhaineann leis an Gaeilge mar shampla, cé gur shínigh Sinn Féin do cheann de na príomhéilimh acusan .i. an phóilíneacht.

I nDeireadh Fómhair 2006 tháinig an dá rialtas agus na páirtithe bunreachtúla le chéile i gCill Ríbhinn in Albain le ceist na póilíneachta a réiteach. Ar feadh blianta fada mhaígh Sinn Féin gur fórsa póilíneachta paraimíliteach a bhí san RUC, péas a sheas leis an Stát Oráisteach, agus d’éiligh siad go

ndéanfaí iad a dhíscaoileadh. Cháin siad go trom an SDLP a thacaigh i gcónaí le póilíneacht sna Sé Chontae.

Creideann cuid mhór daoine gurbh éigean do Sinn Féin tacú le póilíneacht sa dóigh is go mbeadh siad páirteach i ‘rialtas’ cumhachtroinnte in Stormont. Bhí an Ghaeilge mar chuid de na cainteanna fosta agus aontaíodh go dtabharfaí Acht isteach leis an Ghaeilge a chur ar comhchéim leis an Bhéarla.

Fuair Tionól na Breataine Bige agus Tionól na hAlban a nAcht féin a thug deis do dhaoine sa dá thír sin a dteanga a úsáid am ar bith ar mhaith leo.

Is é an difear a bhí sna Sé Chontae go raibh a lán Aontachtaithe in éadan rud ar bith atá Éireannach mar go gcuirfeadh a leithéid isteach ar a ‘gcultúr’. Lean siad dá n-éileamh go dtacódh Sinn Féin le póilíneacht. I ndiaidh míonna de ‘chomhairliúchán’ idir Sinn Féin agus a gcuid ball agus daoine eile shocraigh Sinn Féin ar thacú leis an SPTÉA. Mhaígh siad go bhfágfadh sin níos láidre iad agus iad ag brú ar son achta don Ghaeilge.

Shíl gníomhairí Gaeilge gur ghairid go dtabharfaí reachtaíocht isteach a bheadh ar leas na scoileanna srl. Mar sin féin, lean na hAontachtaithe ag cur ina éadan i ndíospóireachtaí in Stormont. Dúirt siad go raibh níos mó daoine ag labhairt teangacha eile, mar shampla an Pholainnis agus an Mhadairínis ach ní sin mar atá. Tá taighde déanta ag acadóirí agus eile a mhaíonn go bhfuil líon an-mhór Gaeilgeoirí ann agus go bhfuil an teanga ag fás. Tá mórán daoine ag freastal ar an iomad scoil taobh istigh agus taobh amuigh de Bhéal Feirste rud a chruthaíonn go bhfuil sí ag fás.